Bhí Anton Mac Cába sa Chatalóin le linn an fheachtais neamhspleáchais. Labhair sé le daoine ón tír.

Tá pobal na Catalóine an-chorraithe faoi iompar rialtas na Spáinne. Cinnte, tá an lasair sa bharrach ó cuireadh beirt cheannairí náisiúnacha faoi ghlas. Fógraíodh, leis, go raibh ceannaire phéas na Catalóine, na Mossos, á fhiosrú.

Baineadh a phas de, agus níl cead aige an Spáinn a fhágáil. Is doiligh dearcadh an phobail a mheá go cinnte, go háirithe nuair is turasóir thú. Agus mé in Barcelona, bhí dhá oll-léirsiú sa chathair. Bhí mé ar an chéad cheann. Dúirt na péas go raibh 200,000 duine air. D’fhan mé ann cúpla uair a’ chloig. Bhí sé ag an Avinguda Diagonal, ascaill a shíneann trí lár na cathrach. Is ascaill mhór leathan í, chomh leathan le Sráid Uí Chonaill. Bhí sé dubh le daoine, fad radharc mo shúl. Rinne mé iarracht siúl síos, lena dhéanamh amach dom féin cá mhéad duine a bhí ann. Bhí an brú daoine chomh mór sin nach raibh mé ábalta dul tríd an slua ar chor ar bith. Bhí coinnle ag cuid mhór acu, iontach feiceálach i ndorchadas na hoíche. Bhí an léirsiú le bheith ciúin. Ach bhí roisc catha á scairteadh: Libertad agus no temo (‘níl eagla orm’). Bhí na mílte duine ag canadh ‘Els Segadors’ (‘Na Spealadóirí’), amhrán náisiúnta na Catalóine.

Bhí sé doiligh deireadh an mhórshiúil a beartaíodh a dhéanamh amach. Bhí an slua le máirseáil aníos an Avinguda Diagonal ón Passeig de Gràcia go dtí an Plaça de Francesc Macià. Is níos mó ná míle slí atá i gceist. Ba dhoiligh máirseáil nó ba bheag nár shín an slua ó bhall amháin go dtí an ball eile.

An oíche dar gcionn, bhí léirsiú ag lucht an fhrith-neamhspleáchais sa Plaça de Francesc Macià. Cinnte, drochlá a bhí ann. Mar sin féin, ní míniú iomlán sin ar an slua. Ní raibh ann ach 2,000, de réir idir phéas agus na príomh-mheáin. Ní raibh mé ag an léirsiú seo, ach cúpla bliain ó shin, chonaic mé léirsiú ar an dul céanna i lár na cathrach. Ba scaifte meánaicmeach agus meánaosta (nó níos sine) den chuid ba mhó iad – diomaite de bhuíon shuntasach faisistithe. An dream ba mhó orthu seo, bhí t-léinte dubha orthu, arbh ultras de chuid an chlub peile Espanyol iad chomh maith. Agus is fadhb í sin ag lucht an fhrith-neamhspleáchais. Ceanglaítear leis an deachtóir Franco iad. Tá sin go háirithe i ndiaidh gur chuir rialtas na Spáinne deireadh leis an fhéinriail. D’fhulaing an Chatalóin, agus an Chatalóinis, go mór faoi dheachtóireacht Franco, idir 1939 agus 1975.

Tá sin sa dúchas ag na daoine. Mhothaigh mé sin leis an chéad bheirt ar labhair mé leo ag an léirsiú. Ba bhean sna luath-thríochaidí an chéad duine. Maraíodh a seanathair sa Chogadh Chathartha, é ag troid ar son na Poblachta. B’fhear thart ar na trí scór an dara duine. Bhí an t-athair s’aigesean báúil leis an Phoblacht. I ndiaidh an Chogaidh Chathartha, rinneadh eisean a phreasáil isteach san arm ar feadh naoi mbliana. D’inis sé scéal dom. Thart ar dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, rinne maquis (treallchogaithe) Poblachtacha ionradh thar teorainn isteach ón Fhrainc. Cuireadh saighdiúirí Catalónacha, ar Phoblachtaigh iad, chun cath a chur orthu. Ar a gcúl, bhí saighdiúirí faisisteacha Spáinneacha. Mura dtroidfeadh na Catalónaigh in éadan a gcomrádaithe, bhíothas lena scaoileadh sa droim. Ba é sin go díreach an cineál scéalta a chuala mé, gan scéalta a lorg.

Ba léir, leis, go bhfuil Barcelona ag éirí níos Catalónaí. Thug mé sin faoi deara le hocht mbliana anuas, ó thosaigh mé a tharraingt ar an chathair den chéad uair. Tá an Català (an Chatalóinís) i bhfad níos feiceálaí. Is é La Vanguardia nuachtán mór Barcelona, a scaiptear ar fud na Spáinne, agus ar cheann de nuachtáin mhóra na hEorpa é. Le leathdhosaen bliain anuas, tá eagrán Català ann. Ar an taobh den chathair mar ar ghnách liomsa bheith ag stopadh, bíonn carn mór den eagrán Català ag na seastáin nuachtán. Bíonn sin chomh mór leis an charn den eagrán Castellano (nó Spáinnise). Tá an ceantar sin thart ar dhá mhíle siar ó thuaidh ó lár na cathrach, an ceantar sin seanbhunaithe go maith.

Thug mé, leis, ruaig isteach i roinnt siopaí leabhar. Cinnte, ba sa Castellano tromlach na leabhar iontu. Tá sin intuigthe, de thairbhe gur teanga dhomhanda í. Ach in achan siopa acu bhí tréan leabhar Catalóinise. Ina measc, bhí aistriúcháin ó theangacha eile. Ní hamháin go bhfuil leabhair á bhfoilsiú: tá siad á léamh, chomh maith. Is amhlaidh don teilifís. Thart ar an taobh cathrach mar a raibh mise ag stopadh, b’ar an teilifís Chatalóinise a bhí daoine ag amharc.

Ar ndóigh, bíonn bratacha Catalónacha ar foluain go flúirseach ó árasáin. Chonaic mé iad i gceantair Pobelnou agus El Carmel. An rud faoin dá chuid seo den chathair nach de bhunadh na Catalóine an pobal a chónaíonn iontu. D’fhás Poblenou le réabhlóid thionsclaíoch na Spáinne ag deireadh an 19ú céad. Phlódaigh daoine as dúichí eile na Spáinne isteach ann. Ba chainteoirí Castellano iad. Dá ainneoin sin, ní bratacha Catalónacha amháin a bhí ann: bhí tréan póstaer Català ann. Tháinig forbairt ar El Carmel sna 50idí agus sna 60idí. Bhí an-bhorradh faoin tionsclaíocht in Barcelona. Phlódaigh daoine isteach ó dhúichí bochta ó dheisceart na Spáinne. Bhí obair ann, ach gan mórán tithíochta. Thóg na daoine botháin thart ar sheandún de ghunnaí frithaerárthaí ón Chogadh Chathartha. Bhí siad ina gcónaí mar sin, a bheag nó a mhór, go 1990.

Shiúil mé go leor den chathair. Bhí sé tamall sular thuig mé rud suntasach: oiread agus bratach Spáinneach amháin ní fhaca mé. Meastar nach Catalónaigh ó dhúchas iad rud beag thar 40% de phobal Barcelona. Mar sin féin, is léir go dtugann cuid mhór acu dílseacht don Chatalóin. Is sampla den scoth é Jordi Cuixart, duine den bheirt cheannairí náisiúnacha a cuireadh faoi ghlas. Is gníomhaí teanga é. B’as deisceart na Spáinne dá mháthair. Tá sé ina uachtarán ar Òmnium Cultural, eagraíocht a chuireann idir theanga agus chultúr na Catalóine chun cinn. Chomh maith leis sin, chonaic mé daoine de bhunadh na Síne, mar shampla, ar an léirsiú san áit a raibh mé.

Ní fios na himpleachtaí polaitiúla a bhaineann leis an fheachtas neamhspleáchais. Is cinnte nach ar leas PSOE, an Páirtí Sóisialach, a bheidh siad. Thug an páirtí sin tacaíocht don chos ar bolg ar lucht an neamhspleáchais. Bhíodh an Páirtí Sóisialach láidir sa Chatalóin, agus in Barcelona go háirithe, faoi ainm an PSC. D’éirigh roinnt ceannairí áitiúla as an pháirtí cheana. Tá blas an Fhrancóchais ar an rud a rinne rialtas na Spáinne. Fágann sin drochbhlas i mbéal vótóirí PSOE – go háirithe sa Chatalóin.

Mar Thuaisceartach, an rud a chuir iontas orm ná a laghad teannais a bhí ann. Ní raibh iomrá ar throid. Ach bheadh sé amaideach sin a chur as an áireamh amach anseo, mura n-athraíonn rialtas na Spáinne an cur chuige atá acu.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm