Tá tacaíocht thraspháirtí d’acht Gaeilge curtha in iúl ag feisirí Westminster i litir a scríobh siad chuig Karen Bradley, Stát-Rúnaí an Tuaiscirt.

Shínigh Conor McGinn (Páirtí an Lucht Oibre), Liz Saville-Roberts (Plaid Cymru), Angus Brendan Mac Neil (Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba), Guto Bebb agus David TC Davies, (Páirtí na gCoimeádach) an litir.

Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, eagras neamhspleách abhcóideachta Gaeilge, gur scríobh na feisirí an litir “le tacaíocht a léiriú d’Acht na Gaeilge” agus leis an Stát-Rúnaí a ghríosadh “le gníomhú ag Westminster mura dtagann réiteach ag leibhéal na polaitíochta áitiúla”.

Chuaigh toscaireacht de chuid POBAL go Westminster i mí na Samhna 2018, áit a raibh roinnt cruinnithe acu le feisirí.

“Tá an litir seo mar thoradh na toscaireachta sin agus na hoibre leanúnaí atá ar bun ag POBAL le reachtaíocht na Gaeilge a fháil agus cosaint na teanga a chur i dtiúin le gach áit eile ar na hoileáin seo,” arsa Janet Muller.

Mhínigh sí go ndeirtear sa litir “gur cheart do Westminster féin gealltanas Chill Rìmhinn acht Gaeilge a thabhairt isteach a chomhlíonadh mura dtig leis na polaiteoirí áitiúla teacht ar chomhréiteach go luath.

“I bhfianaise folúntas sna hinstitiúidí cineachta anseo, deir na feisirí go gcaithfidh Westminster an bhearna a líonadh.”

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm