Breá moch maidin Dé Sathairn, cruinneoidh baill de Chonradh na Gaeilge le chéile ag an Ard-Fheis in Óstán Meadowlands i dTrá Lí le vótáil faoi rúin atá curtha chun tosaigh as a measc. Beidh torthaí na vótála mar bhunús le clár oibre na heagraíochta sa bhliain atá amach romhainn.

Tá cúrsaí oideachais mar ábhar i mbeagnach 40% (22 as 56) de na rúin a bheidh faoi chaibidil ag na Conraitheoirí. Ní haon ábhar iontais é sin óir tá an córas oideachais mar bhunchloch ar a bhfuil todhchaí na teanga tógtha.

Caitear súil thíos ar chuid de na rúin atá ar an chlár an deireadh seachtaine seo.

Rún 34
Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfadh Conradh na Gaeilge tacaíocht don fheachtas maidir le comharthaíocht dhátheangach a chur in airde ar champas Ollscoil na Banríona le feiceálacht na Gaeilge a ardú.

Craobh Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona

Leis an rún seo, tá nasc déanta ag Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona idir a saol féin ar an champas agus mórcheist a bhfuil pobal na Gaeilge gafa leis faoi láthair, mar atá aitheantas agus normálú na teanga. Léiriú maith é ar an dóigh ar féidir le grúpaí ar leith díriú ar réimse amháin a bhaineann leo féin go sonrach mar chuid den mhór-iarracht leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá feachtas ar bun ag an Chumann le comharthaí dátheangacha Gaeilge agus Béarla a chur ar fhoirgnimh na hollscoile féin agus in Aontas na Mac Léinn, áit a mbíodh an Ghaeilge le feiceáil tráth den tsaol.

Chuir baill an Chumainn litir chuig an Leas-Seansailéir agus chuig Aontas na Mac Léinn an tseachtain seo caite inar dhírigh siad ar dhá cheist: na comharthaí ar an champas agus ról na hollscoile sa tsochaí maidir le cearta phobal na Gaeilge a dhaingniú. Le cuidiú Chonradh na Gaeilge, beidh na mic agus na hiníonacha léinn in ann teacht i dtír ar an taithí atá ag an eagraíocht ar a bheith ag cur ceist na Gaeilge chun cinn i measc eagraíochtaí ollmhóra.

Rún 22a
“Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir don Chonradh feachtas a eagrú chun an Ghaeilge a bheith ar fáil mar ábhar roghnach i mbunscoileanna Béarla ó thuaidh ach í a bheith mar chuid den churaclam.”        

Craobh Ghleann an Iolair

Níl foghlaim teangacha mar ghné riachtanach den churaclam bunscoile. Fágann sé sin go dtiocfadh le páiste seacht mbliana a chaitheamh ar an bhunscoil gan oiread is focal amháin i dteanga eile a fhoghlaim. Ar ndóigh, tá bunscoileanna ann a mhúineann teangacha eile: tugann siad múinteoirí cuartaíochta isteach nó má tharlaíonn eolas a bheith ag an mhúinteoir ranga ar theanga eile, gach seans go dtabharfaidh siad an teanga isteach ina gcuid ceachtanna.

Gné thábhachtach den cheist seo nach bhfuil comhionannas deiseanna ann do dhaltaí áirithe. Phléigh taighdeoirí i gColáiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis leis an cheist seo i dtuairisc i mí an Mhárta, 2017 a mhaoinigh Comhairle Thuaisceart Éireann um Theangacha: Review of Current Primary Languages in Northern Ireland. Mhol siad an scéal a chur ina cheart ach gné riachtanach a dhéanamh d’fhoghlaim teangacha sa churaclam bunscoile. Is cosúil go rithfear an rún seo agus ansin bheadh dhá chuid leis an fheachtas a thiocfadh as: brú a chur ar an Roinn Oideachais an curaclam bunscoile a leasú, agus ansin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i mbunscoileanna Béarla sa chomhthéacs sin.

Rún 13
Molann an Ard-Fheis seo go ndéanfar taighde ar na meánscoileanna ó thuaidh ag díriú ar dhaltaí GCSE agus A2 lena dtuairimí a fháil ar réimse ábhar agus na tuairimí sin a úsáid chun feachtas feasachta a chur ar bun leis an Ghaeilge a láidriú sna meánscoileanna ansin.

Craobh Phobal ar a’n Iúl

Rún measartha sonraithe é seo ag muintir na hÓmaí, é bunaithe ar an taithí a bhí acu le cúpla bliain anuas le scoileanna sa cheantar nach bhfuil ag cur na Gaeilge ar fáil mar rogha Ardleibhéil. Tháinig daltaí a bhí ag iarraidh leanúint leis an Ghaeilge a fhad le Craobh Phobal ar a’n Iúl ag impí orthu an cúrsa a chur ar fáil ionas nach raibh scoil ar bith den cheithre scoil sa cheantar sásta rang a bhunú. Cuimhnítear go bhfuil Creat Teidlíochta ag an Roinn Oideachais le go mbeidh deis ag daltaí staidéar a dhéanamh ar cibé ábhar is mian leo ina gceantar féin. Chuige sin, tá líonraí foghlama bunaithe ag scoileanna ionas go dtig leo a ndaltaí a chur chuig scoil eile in aice láimhe mura bhfuil siad féin in ann ábhar ar leith a chur ar fáil.

D’fhostaigh Craobh Phobal ar a’n Iúl múinteoir agus chuir siad ranganna ar siúl san oíche. Ag an Ard-Fheis anuraidh, luaigh Michaeline Donnelly agus Sinéad Ní Mhearnóg ón chraobh gur chreid siad nach raibh tuiscint cheart ag príomhoidí áirithe ar na buntáistí a bhaineann leis an Ghaeilge agus le teangacha eile, agus go raibh béim mhór á cur acu ar chúrsaí gnó agus ar na hábhair STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Mata). Bheadh sé suimiúil a fháil amach cad é a shíleann na daltaí féin, agus b’fhiú go mór tabhairt faoin taighde seo.

Rún 5
Aontaíonn an Ard-Fheis seo go bhfuil sé fíorphráinneach go leasódh an Roinn Oideachais agus Scileanna gnéithe den churaclam iarbhunscoile don Teastas Sóisearach atá i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair 2017, go háirithe an siollabas nua Gaeilge atá lag, easnamhach gan scrúdú béil agus, dá bharr, gan aon bhéim anois ar an nGaeilge labhartha. Níl scrúdú gairmiúil le caighdeán náisiúnta ann ach oiread le haghaidh teastas ar scileanna a bhronntar san idirbhliain.

Craobh Bhréanainn

Is doiligh a chreidbheáil go gcaithfeadh daltaí dhá bhliain ag dul do chúrsa dianstaidéir ar theanga agus nach ndéanfaí measúnú ar a chumas cainte sa teanga sin ag an deireadh. Ní dhéantar aon mheasúnú foirmiúil ar Ghaeilge labhartha daltaí ó dheas go dtí go bhfuil siad sa bhliain dheireanach dá gcuid scolaíochta agus iad ag dul don Ardteist. Téann a leithéid de chóras dubh in éadan an dea-chleachtais. Cad chuige mar sin a bhfuil sé i bhfeidhm?

Tá tionchar mór ag easpa airgid agus acmhainní agus ag gníomhaíocht thionsclaíoch ar an scéal. Tá treoir tugtha ag ASTI, an dara ceardchumann is mór sa stát do mhúinteoirí dara leibhéal, gan measúnú a dhéanamh ar a ndaltaí féin i scrúduithe stáit. Creideann siad go bhfuil an cleachtas seo míchothrom óir b’fhéidir go mbeadh múinteoirí áirithe ag dáileadh marcanna breise ar a ndaltaí féin, mar shampla, nó go dtiocfadh teannas pearsanta idir múinteoir agus dalta agus an duine óg faoi scrúdú agus marcanna á socrú. Dar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, tá sé róchostasach go leor múinteoirí a fhostú mar scrúdaitheoirí seachtracha, agus tá sé ródheacair teacht ar dhóthain acu leis an jab a chur i gcrích. Idir an dá linn, tá an deis le barr feabhais a bhaint amach i labhairt na Gaeilge á séanadh go hiomlán ar dhaoine óga.

Rún 7f
Aithníonn an Ard-Fheis seo an obair atá déanta le bliain anuas ag an Roinn Oideachais agus ag na scoileanna Gaeltachta chun tús a chur leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Le go mbeadh toradh ar an obair seo iarrann an Ard-Fheis ar an Rialtas breis maoiniú a cur ar fáil don pholasaí oideachais Gaeltachta sna blianta amach romhainn agus, sa bhreis ar an obair atá beartaithe faoin bpolasaí, céimeanna a ghlacadh chun tabhairt faoin nganntanas múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí atá in ann ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge atá sa chóras oideachais reatha.

Craobh Mhaigh Cuilinn

Múinteoirí atá oilte leis an churaclam a mhúineadh i nGaeilge ábhar an rúin seo agus rúin eile cosúil leis a phléifear i dTrá Lí an deireadh seachtaine seo. Bíonn sé doiligh go háirithe ar phríomhoidí iarbhunscoile teacht ar mhúinteoirí a bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge acu le hábhair a mhúineadh, agus i gcásanna áirithe níl an dara rogha acu ach múinteoirí a fhostú a dhéanann a gcuid teagaisc i mBéarla.

Tá cúrsaí bunchéime agus iarchéime a dhíríonn ar an ghaelscolaíocht ag Coláiste Naomh Muire i mBéal Feirste, béim acu ar an churaclam ó thuaidh. Go dtí seo, ní raibh cúrsaí ar fáil sa deisceart a phléann go sainiúil lena bheith ag múineadh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ná i ngaelscoileanna. Féachann an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2016, an scéal sin a chur ina cheart, ach glacfaidh sé cúpla bliain eile sula mbeidh múinteoirí a chuaigh faoin tsainoiliúint chuí réidh lena gcuid cúrsaí sna coláistí tríú leibhéal. Caithfear brú a choinneáil ar an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcónaí maidir leis an cheist seo.

SCAIP
SiarEagarfhocal: Bliain na Gaeilge
Ar aghaidhEagarfhocal: Toraigh na dtonn
Gráinne Ní Ghilín
Tá Gráinne Ní Ghilín mar Bhainisteoir Ar Líne ag An tUltach. Feirsteach í a d'fhreastail ar Choláiste Dhún Liam, ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ar Ollscoil na Banríona. Cuireann si seirbhisí aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga ar fáil agus is ball den Dream Dearg í. Is breá léi sealanna fada a chaitheamh i mbun machnaimh sna Himiléithe.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm