Tá pardún iarbháis le bronnadh an tseachtain seo ar Mhaolra Seoighe, a ciontaíodh agus a crochadh go héagórach in 1882 as dúnmharuithe Mhám Trasna. Tuigtear go mbeidh gaolta le Maolra Sheoighe ag dul go hÁras an Uachtaráin amárach, an Chéadaoin, an 4ú Aibreán, le castáil le hUachtarán na hÉireann, Michael D. Ó Uiginn, a bhronnfaidh an pardún iarbháis. Ní raibh ach trí phardún iarbháis ann ó bhí 1937 ann. 
Craolfar an scannán Murdair Mhám Trasna faoin chás ar TG4 Dé Céadaoin ar 9.30pm. Labhair lucht déanta an scannáin leis An tUltach anuraidh, tráth a raibh an scannán á thaispeáint don phobal den chéad uair ag ócáid ag Oireachtas na Samhna. 

“Feicfear na daoine ar fad mar ‘dhaoine daonna’ agus tuigfear scála an iomrall ceartais a bhí i gceist.” Sin an tionchar, dar le Seán Ó Cuirreáin, a bheidh ag an fhadscannán Murdair Mhám Trasna. Tá an scannán bunaithe ar leabhar leis an iar-Choimisinéir Teanga, Éagóir, a bhí ar ghearrliosta an mhórghradaim liteartha ag an Oireachtas anuraidh.

Ríomhann an leabhar agus an scannán faisnéise agus drámaíochta, léirithe ag Rosg, imeachtaí “i gceann de na cásanna ba éagóraí ar fad i stair dhlí na Breataine”, mar a thug an staraí Robert Kee air. Dúnmharaíodh cúigear den teaghlach chéanna i Mám Trasna in 1882, ar an teorainn idir Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Crochadh triúr agus gearradh téarma príosúnachta ar chúigear eile as coireanna tromchúiseacha nach raibh siad ciontach iontu.

Bhí na cásanna bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Rinneadh feall ar na cainteoirí aonteangacha Gaeilge a bhí á dtriail nuair a éisteadh an cás i mBéarla gan aistriúchán ná ateangaireacht mar is ceart a bheith curtha ar fáil dóibh.

Mhínigh Seán Ó Cuirreáin an fáth ar thug sé faoi Éagóir a scríobh sa chéad dul síos. “Ar cuireadh ó Chois Life a scríobh mé an leabhar. Bhí cúpla leabhar scríofa roimhe seo i mBéarla faoin eachtra ach iad as cló le fada; níor scríobhadh aon leabhar i nGaeilge faoi na dúnmharuithe roimhe seo. Mheas mé go raibh scéal suntasach ann arbh fhiú é a insint agus chuir mé romham féin dul siar chuig na bunfhoinsí sna cartlanna agus sna leabharlanna le heolas a fháil. Bhí nuachtáin an ama ina chuidiú mór agam, chomh maith le taifid na gcúirteanna agus na díospóireachtaí parlaiminte.”

Maidir leis an scannán, d’eascair sé sin as comhrá le Ciarán Ó Cofaigh ó Rosg, comhlacht teilifíse atá lonnaithe sa Spidéal. Dúirt Ciarán go raibh suim aige sa scéal “i gcónaí” ach is é an t-ardmheas atá aige ar obair Sheáin Uí Chuirreáin “an chúis is mó” a bhí aige le tabhairt faoin scéal a insint trí léiriú scannánaíochta. Dar leis, tá trí scéal fite ina chéile in Murdair Mhám Trasna: “dúrún dúnmharaithe, dráma cúirte agus caimiléireacht pholaitíochta”.

Is ról comhairleoireachta a bhí ag Seán Ó Cuirreáin agus an scannán á dhéanamh agus bhí baint mhór aige leis an ghné fhaisnéiseach de. “Is mé a rinne na hagallaimh ar fad leis na haíonna éagsúla,” ar sé. Tá an tUachtarán Michael D. Ó Uiginn orthu siúd a bhí faoi agallamh aige.

Tharla eachtraí uafásacha Mhám Trasna breis agus 135 bliain ó shin, ach measann Seán agus Ciarán araon go bhfuil ceachtanna ann don lucht féachana sa lá atá inniu ann.

“Tá ceachtanna ann ó thaobh cearta teanga, ní hamháin anseo ach i dtíortha eile chomh maith,” dar le Seán Ó Cuirreáin, a bhí ina bhall de chumann idirnáisiúnta de choimisinéirí teanga le linn dó féin a bheith mar an Coimisinéir Teanga in Éirinn.

“Ní féidir go mbeidh cothrom na Féinne ann nuair a chuirtear daoine ar a dtriail i dteanga nach bhfuil aon tuiscint acu uirthi agus gan aon chóras ateangaireachta ceart i gceist.

“Agus tá ceachtanna faoi chearta an duine anseo fosta,” ar sé, “sa mhéid is go bhfeictear ról na mbrathadóirí agus na fianaise bréige.”

An cheist is mó atá ag Ciarán Ó Cofaigh, i ndiaidh dó a bheith ag plé leis an scéal seo, ná “An bhfuil mórán dul chun cinn déanta ó shin?”

Beidh Murdair Mhám Trasna le feiceáil ar TG4 Dé Céadaoin, an 4 Aibreán ar 9.30pm.

Pictiúr: An t-aisteoir Dara Devaney mar Mhaolra Seoighe, fear a crochadh san éagóir, sa scannán Murdair Mhám Trasna.

SCAIP
SiarFear Cochaill – Paddy Joe McClean (Ón Airchív)
Ar aghaidhAn Gearrscéal Gníomhach (Cuid III)
Gráinne Ní Ghilín
Tá Gráinne Ní Ghilín mar Bhainisteoir Ar Líne ag An tUltach. Feirsteach í a d'fhreastail ar Choláiste Dhún Liam, ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ar Ollscoil na Banríona. Cuireann si seirbhisí aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga ar fáil agus is ball den Dream Dearg í. Is breá léi sealanna fada a chaitheamh i mbun machnaimh sna Himiléithe.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm