Chruinnigh grúpaí éagsúla, Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg ina measc, taobh amuigh d’Ionad Ealaíon Crescent i mBéal Feirste ar maidin le hagóid a dhéanamh agus Príomhaire na Breataine, Theresa May, ag siúl isteach san ionad le labhairt le daoine óga áitiúla.

Ar na grúpaí eile a bhí i mbun léirsithe bhí ionadaithe ar son mharthanóirí agus íobartaigh mísúsáide institiúidí, iad siúd atá ag feachtasaíocht ar son pósadh comhghnéis agus grúpaí atá éileamh fiosrúchán ar mharú a ngaolta le linn na dTrioblóidí. Bhí baill de Shinn Féin agus den pháirtí Pobal Seachas Brabús i láthair fosta.

“Do chearta, ár gcearta! Your rights, our rights! Acht Anois!” na gártha slógtha a bhí ag na grúpaí agus toscaireacht ó Rialtas na Breataine ag siúl isteach in Ionad Ealaíon Crescent.

Bhronn Conradh na Gaeilge litir oscailte ó Uachtarán an eagrais, Niall Comer, chuig Theresa May ar dhuine d’fhoireann slándála an Phríomhaire. Sa litir iarrtar ar an Phríomhaire castáil le Conradh na Gaeilge.

Arsa Niall Comer, “Bímis iontach soiléir faoi seo; tá cosc á chur ar chearta teanga Gaeilgeoirí anseo, agus tá an t-am ann do Rialtas na Breataine na cearta a gealladh dúinn a chur ar fáil bealach amháin nó eile.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge go raibh “pobal na Gaeilge ar na sráideanna le teachtaireacht aontaithe a thabhairt do phríomhionadaí Rialtas na Breataine, Theresa May: go bhfuil na cearta teanga céanna tuillte ag pobal na Gaeilge anseo agus atá ag pobal na Breatainise sa Bhreatain Bheag agus lucht na Gàidhlige in Albain. Titeann an dualgas sin, faoi mar a gealladh i gCill Rìmhinn, díreach ar Rialtas na Breataine. Níl aon éalú ón fhíric sin, agus níor chóir go gcuirfeadh caidreamh an Phríomhaire leis an DUP aon bhac nó cosc ar chur i bhfeidhm na ndualgas seo. Tá litir oscailte á bronnadh ar an Phríomhaire inniu chun cás s’againn a chur i láthair, agus chun cruinniú a lorg léi. Ní féidir léi neamhaird a dhéanamh orainn, ná ar cheist chearta teanga go deo.”

Grianghraif: Colm Lenaghan

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm