Cuirfear an feachtas ar son acht Gaeilge os comhair Chomhdháil Idir-Rialtasach na hÉireann agus na Breataine i Londain inniu. 

Seo an an chéad chruinniú den chomhdháil, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, le breis agus 10 mbliana. Is i nDún Dealgan i mí Feabhra, 2007 a bhí an cruinniú deireanach.

Déanfar stocaireacht phoiblí ar ionadaithe an dá rialtas agus bronnfar litir a tharraingeoidh aird ar dhualgais Rialtas na Breataine maidir le hacht Gaeilge a thabhairt isteach.

Arsa Nóirín Ní Aodha, Craobh Londan, Conradh na Gaeilge, Cé go bhfuil muid lonnaithe i Londain, tá pobal na Gaeilge anseo, a thagann ó gach cearn d’Éirinn, go mór i bhfách leis an fheachtas ar son cearta do phobal na Gaeilge ó thuaidh. Titeann an dualgas sin, faoi mar a gealladh i gCill Rìmhinn, díreach ar Rialtas na Breataine. Níl ón éalú ón fhiríc sin, agus níor chóir go gcuirfeadh caidreamh an Pháirtí Chaomhaigh leis an DUP aon bhac ná cosc ar chur i bhfeidhm na ndualgas seo.”

SCAIP
SiarMana Marfach Ár Linne
Ar aghaidhAn Gaeilgeoir May?
An tUltach
Tá éagsúlacht mhór scríbhneoirí as gach cearn de Chúige Uladh agus den tír ar fad ag scríobh ar An tUltach – Cnámh Droma Ghaeilge Uladh. Tá saineolas agus tuairimíocht le roinnt acu a shaibhreoidh d’eolas féin agus a thabharfaidh do dhúshlán smaointeoireachta.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm