Tá sonraí breise ón chruinniú a bhí acu leis an DUP i mí Aibreáin eisithe ag Conradh na Gaeilge. Deir an t-eagras teanga gur dhúirt Edwin Poots, ball sinsearach den pháirtí, gur mheas sé figiúirí molta an Chonartha a bheith “réasúnta”.

Dar le Conradh na Gaeilge, bheadh £19 milliún le caitheamh thar thréimhse 5 bliana – an fad céanna a mhaireann saolré feidhmeannais – ar reachtaíocht Ghaeilge. Mar bhriseadh síos air sin, bheadh £9 milliún le caitheamh mar chostas tosaigh aon uaire chun infreastruchtúr a bhunú ar fud na státseirbhíse le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Ina dhiaidh sin, £2 mhilliún sa bhliain an costas a bhainfeadh leis an reachtaíocht. Deir Conradh na Gaeilge go n-ísleodh na costais de réir an chéile ach an reachtaíocht agus na moltaí a chur i bhfeidhm “go héifeachtach”.

Tá na figiúirí seo foilsithe i bplécháipéis a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge i mí an Mhárta, agus deir Conradh na Gaeilge gur dhúirt Edwin Poots ón DUP go raibh siad “réasúnta” ag cruinniú a bhí ag an dá dream lena chéile i gCnoc an Anfa ar an 27ú Aibreán.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bhí i láthair ag an chruinniú, gur chuir an DUP in iúl go mbeadh “soláthar reachtúil ann don Ghaeilge”.

Ar sé, “Bhí an chuid is mó den chruinniú bunaithe ar phlécháipéis Chonradh na Gaeilge. D’aithin ionadaí ón DUP, Edwin Poots, a bhí i láthair, go bhfuil na costais seo ‘réasúnta’.”

Dar le Comer, is “dul chun cinn an-tábhachtach é seo, go háirithe agus cúrsaí costais luaite go minic agus go poiblí ag an DUP roimhe seo mar phríomhchonstaic roimh aon reachtaíocht don Ghaeilge.”

Sa phlécháipéis a d’eisigh Conradh na Gaeilge i mí an Mhárta, moltar 11 chuid a bheith leis an acht. Tá forálacha luaite a bhaineann le stádas oifigiúil don Ghaeilge, an Ghaeilge sa Tionól agus sna rialtais áitiúla, an teanga agus an BBC, an ról a bheadh ag Coimisinéir Teanga agus logainmneacha.

Bhí Arlene Foster, ceannaire an DUP, ina measc siúd a bhí ag an chruinniú. Bhí David Graham agus Christopher Stalford i láthair thar cheann an pháirtí chomh maith.

Maidir le toscaireacht Chonradh na Gaeilge, is iad an Dr Niall Comer (Uachtarán), Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Bainisteoir Abhcóideachta), Michaeline Donnelly (Craobh Phobal ar a’n Iúl) agus an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh (Feidhmeannach Cumarsáide) a bhí i láthair.

Baill den DUP agus toscaireacht Chonradh na Gaeilge i gCnoc an Anfa, 27ú Aibreán, 2017.
SCAIP
SiarSeoid samhraidh sna sléibhte
Ar aghaidhAr an Lá Seo – 24 Meitheamh, Lá Fhéile Eoin
An tUltach
Tá éagsúlacht mhór scríbhneoirí as gach cearn de Chúige Uladh agus den tír ar fad ag scríobh ar An tUltach – Cnámh Droma Ghaeilge Uladh. Tá saineolas agus tuairimíocht le roinnt acu a shaibhreoidh d’eolas féin agus a thabharfaidh do dhúshlán smaointeoireachta.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm