Bhí trí chomhairle áitiúla ann nár chaith oiread is pingin ar áiseanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn nó a chaomhnú in 2017/18, de réir taighde atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge, an Coiste um Riar an Chirt (CAJ) agus Ollscoil Uladh.

Is iad Comhairle Ceantair Lár agus Oirthear Aontroma, Comhairle Chathair Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh agus Comhairle Buirge Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte na trí chomhairle sin. Tugann an taighde le fios nár fhostaigh ceann ar bith acu Oifigeach Gaeilge riamh agus nár chuir siad isteach riamh ar mhaoiniú atá ar fáil ó Fhoras na Gaeilge chun oifigeach a fhostú.

Ar an láimh eile, dúirt Comhairle Ceantair Lár Uladh gur chaith sí £122,372.15 sa bhliain 2017/18 ar áiseanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Thug sí le fios fosta go bhfuair sí maoiniú £20,000 tríd an Scéim Oifigeach Gaeilge atá ag Foras na Gaeilge.

Chuir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste in iúl gur chaith sí £112,099.65 in 2017/18 agus gur bunaíodh post Oifigigh Ghaeilge den chéad uair riamh sa chomhairle mar chuid de Straitéis Teanga 2018 acu.

Sheol Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, an taighde i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Déardaoin, an 14 Márta. Bhain an taighde le dualgais a leagtar amach i gconarthaí agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta.

Tá dualgais maidir le cosaint na Gaeilge luaite i roinnt conarthaí idirnáisiúnta éagsúla atá déanta ó na 1990idí ar aghaidh, ina measc an Cúnant Idirnáisiúnta um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha, 1976, an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, 2001, Comhaontú Aoine an Chéasta, 1998, Comhaontú Chill Rìmhinn, 2006 agus an Creat-Choinbhinsiún um Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint.

Léiríonn taighde Chonradh na Gaeilge, an CAJ agus Ollscoil Uladh go bhfuil samplaí den dea-chleachtas le fáil i gcomhairlí áirithe, iad siúd a bhfuil Oifigeach Gaeilge fostaithe acu mar shampla. Ach tarraingtear aird fosta ar neamh-chomhlíonadh na ngealltanas atá sna conarthaí thuasluaite ag comhairlí eile.

Agus an taighde á sheoladh aici, labhair Meri Huws ar obair na gcomhairlí áitiúla sa Bhreatain Bheag maidir le seirbhísí Breatnaise. Dúirt sí go dtig le saoránaigh a bheith ag dréim leis an leibhéal céanna seirbhíse is cuma cén ceantar ina bhfuil siad. Thug sí le fios go bhfuil ráta an-ard comhlíontachta dlíthe teanga ann, 98%, ar fud na Breataine Bige.

Ar sí: “Mae deddfu ieithyddol yn sicrhau fod cynghorau lleol yn chwarae rhan allweddol wrth ddarparu gwasanaethau i gymunedau sydd â iaith leiafrifol. Mae’r ddogfen hon yn cynnig arweiniad gwerthfawr i’w gwneud hi’n haws i gymunedau a llywodraeth leol gydweithio er mwyn cynnig gwasanaethau yn y Wyddeleg.”

“Cinntíonn reachtaíocht teanga go mbíonn ról tábhachtach ag comhairlí áitiúla maidir le seirbhísí a sholáthar do phobail teangacha mionlaigh. Sa cháipéis seo tá treoir luachmhar chun comhoibriú idir na pobail áirithe agus an rialtas áitiúil a éascú chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ, go dtugann an taighde le fios go bhfuil “bearnaí móra” sa soláthar Gaeilge. “I roinnt comhairlí tá dea-chleachtas i bhfeidhm, ach i gcomhairlí eile, níl aon rud ar bun acu.”

Dhírigh Niall Comer ó Ollscoil Uladh ar an “tábhacht ar leith [atá] le comhairlí áitiúla maidir le dualgais an stáit i leith phobal na Gaeilge a chomhlíonadh”.

“Tá údarás ag comhairlí i dtaca le ceisteanna éagsúla amhail comharthaí sráide agus forbairt phobail,” ar sé. “agus tá ról acu i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta. Sna sála ar na tuairiscí leanúnacha atá foilsithe ag coistí monatóireachta de chuid na Náisiún Aontaithe agus de chuid Chomhairle na hEorpa, nochtar sa taighde seo láidreachtaí agus láigí na gcomhairlí áitiúla i dtaobh na Gaeilge, agus i dtaobh na ndualgas atá orthu i dtaobh na teanga. Tá súil againn, agus muid ag dul chun tosaigh, go mbeidh muid ábalta tacú leis na comhairlí agus iad ar a ndícheall bheith ag teacht leis na dualgais a leagtar amach go soiléir sa tuairisc seo.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, “Tugtar le fios sa taighde a sheol an Coimisinéir Teanga inniu go bhfuil roinnt comhairlí a bhfuil ag teip orthu i leith a ndualgas i dtaobh na Gaeilge faoi mar a leagtar amach iad sna conarthaí agus comhaontaithe idirnáisiúnta a luaitear sa tuairisc. Ba mhian linn bheith ag obair leis na comhairlí sin agus bheith ag tarraingt ar an dea-chleachtas atá i bhfeidhm i gcomhairlí eile cheana féin.”

Caitheamh airgid ar áiseanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú ag comhairlí áitiúla:

Comhairle Buirge Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte: £0.00
Comhairle Ceantair Lár agus Oirthear Aontroma: £0.00
Comhairle Chathair Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh: £0.00
Comhairle Buirge an Dúin Thuaidh agus na hArda: £1,451
Comhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon: £14,230.99
Comhairle Buirge Aontroma agus Bhaile na Mainistreach: £17,854
Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: £68,667.02
Comhairle Ceantiar Fhear Manach agus na hÓmaí: £89,798.00
Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin: £108,109
Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: £112,099.65
Comhairl Ceantair Lár Uladh: £122,372.15





Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm