Nótaí léirmheasa le Gréagóir Ó Dúill ar an dán ‘Caoineadh’ le Cathal Ó Searcaigh.

Tá an dán seo difriúil ar go leor slite ón chuid is mó de shaothar an fhile seo, ach chun an fhírinne a rá, ní laige dá thairbhe é. Ní bhíonn mórán tagairtí ina chuid filíochta dá mháthair agus seo anseo í, ina bean óg láidir, bean sléibhe.

Agus ní minic ag an fhile féin cur síos a dhéanamh ar a bheatha mar thachrán roimh dhul chun na scoile dó. Ach seo léargas ar a bheatha réamhscoile, cuimhne ghlé.

Difear eile ná an friotal, an stíl. Bíonn an Searcach ceolmhar, ach braithim an chéad véarsa fada a bheith prósmhar, gan mórán de rithim cheoil ann. Stíl inste scéil atá ag an tSearcach anseo, ní stíl reacaireachta amhráin.

Níl an dara véarsa saor ón locht seo ach an oiread ach sábhálann an meafar é. Agus ansin is dán ina dhá leath é seo: an chéad leath ag insint scéal an uafáis go drámata, an dara leath ag míniú an mheafair.

Agus, ainneoin gur duine é an file a bhíonn cúramach, mar a bhíodh Heaney, gan freastal ná friotháilt ar chúis chúng ar bith shóisialta ná pholaitiúil, seo é, sa dara leath, ag caoineadh na Gaeilge agus ag tabhairt le fios go bhfuil gach duine rómheata lena sábháil.

Mar gheall ar an chineál dáin atá ann, mar gheall ar thréithe an scéil ann, an caidreamh leis an mháthair láidir, an t-uafás a bhaineann le bás beo an uain, atá sáinnithe ar an tsliabh, an chontrárthacht atá idir an leanbh atá ar leathláimh lena mhamaí nó fáiscthe lena hucht agus bás mall pianmhar an uain faoi ghob na n-éan, is dán drámata é.

Agus tá bua thar an choitinne ag an fhile seo a chuireann ar a chumas cur síos drámata agus tuairisc chruinn chorraitheach a dhéanamh.

Seo tábhacht a sheasaimh mar chainteoir dúchais, file a tógadh i gceartlár na Gaeltachta agus cuid mhaith i measc seandaoine a raibh an Ghaeilge go saibhir acu. File a shaothraíonn an Ghaeilge, murab ionann agus go leor eile de chainteoirí dúchais Gaeilge a oibríonn trí mheán an Bhéarla.

Tá saibhreas teanga sin an tSearcaigh ag tabhairt nirt don dán seo in ainneoin chuma na simplíochta a bheith ar an struchtúr agus ar an phlota.

Píosa beag den stair atá sa chéad véarsa, agus rianaíonn an file go maith é. Lá te samhraidh, téann máthair agus leanbh amach ag déanamh cinnte de na caoirigh a seoladh amach fá chnoc. Tagann saothar anála orthu beirt in éadan an fhána (réamhleid den bhás le theacht agus, b’fhéidir, de bhás na máthara atá á caoineadh). Cuirtear síos go maith ar an tírdhreach sceirdiúil.

Tá peata uain an linbh sáinnithe gan tarrtháil, préacháin dhubha á ithe beo. Is cosúil gur fhan leanbh agus máthair an tamall a thug sé an marú a dhéanamh, gur imigh an méileach deiridh den ainmhí: d’fhan an leanbh, racht agus tocht air, an mháthair ag iarraidh é a chiúnú agus a chealgadh le gealltanas den bhia ab fhearr leis. Chuirfeadh sé faire i gcuimhne don léitheoir.

Agus muid ag machnamh ar an dán, agus is gá machnamh ar gach dán fiúntach, cuirimid an cheist an meafar é an t-uan, mar a bhíonn go minic sa traidisiún Críostaí, agnus Dei.

Ar an láimh eile, tá an préachán dubh ina mheafar den olc, den Mhór-Ríoghain, den ár, den éan a shuigh ar ghualainn Chú Chulainn mar chruthú ar a bhás, de na Twa Corbies.

An bhfuil an leanbh ag fáil tuigbheála ar an chaoi ar féidir leis an olc, na préacháin dhubha, bua a fháil ar an mhaith, an t-uan atá ina dhíol grá ag an leanbh – agus níl an mháthair ábalta an ceart a sheasamh?

Tugtar anbhás don uan; teipeann ar an mhaith. Agus, arís, measaim go bhfuil pictiúr á tharraingt ag an fhile (d’aon ghnó nó gan fhios dó féin) den mháthair mar madonna, an leanbh ina baclainn aici.

Má bhaineann muid an bhrí seo as an scéal, oibríonn an t-athrú tobann idir an chéad agus an dara véarsa níos fearr. Ní díreach bás peata d’ainmhí atá i gceist, ach rud i bhfad níos mó – tragóid chultúrtha agus shóisialta, mionchath sa choimhlint shíoraí idir maith agus olc.

Tugann an file muid ar aghaidh ó choimhlint idir an mhaith agus an t-olc, mar a chonaic sé lena shúile cinn agus é ina thachrán, go dtí coimhlint eile – bás na Gaeilge. Ach tá an dá choimhlint cuid mhaith ar aon leibhéal de thruacántacht, de bhrí mhorálta, d’éagothroime.

Aithníonn an file nach féidir tarrtháil ar an uan/ an cultúr dúchais/ an mhaith. Ní thig ach compord an cheapaire a fháil.

Is mithid aontacht a bheith i ndán maith, agus seo anois an aontacht a theastaíonn.

SCAIP
SiarAr an lá seo: In aghaidh na taoide
Ar aghaidhBanfhile cumhachtach: ‘Criche Creige’ le Anna Frater
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm