Bhí, le blianta, cáil na Gaeilge ar chathair Ard Mhacha, imeachtaí ar siúl ann. Beidh, anois, a cultúrlann féin ag an chathair, a bhuíochas le Cairde Teo.

Tá, cheana, siopa ag Cairde Teo i lár na cathrach. B’ann a bhí Seán Ó Maoilsté nuair a labhair mé leis. Mar oifigeach forbartha, tá sé i lár an aonaigh leis an fhorbairt nua.

Rinne Cairde Teo plean gnó a chur le chéile agus chláraigh siad comhlacht. Tá anois conraitheoir ceaptha acu. Beidh an chultúrlann in áit bhreá feiceálach sa chathair, i gceantar ‘An tSeamlais’ ar imeall lár na cathrach. Is fiú beagnach £2 milliún costas an tionscadail ina iomláine.

“Fuair muid deontais ó Iontaobhas Ultach agus ó Gael Linn le cuidiú linn tús a chur leis an phróiseas agus fuair muid airgead suntasach ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (an Roinn Comhphobail mar atá anois) agus an Ciste Infheistíochta Gaeilge, chomh maith le deontas ó Naíscoil Ard Mhacha agus cúpla ceann eile,” ar seisean.

Fuair siad suíomh breá, atá iontach fóirsteanach don fhiontar. “Seanstáisiún dóiteáin na cathrach, tá sin leagtha anois,” arsa Seán. Tá gach rud réidh leis an chultúrlann a thógáil mar is ceart.

“Tá timpeallán beag ann,” ar seisean, “agus tagann trí phríomhbhealach isteach go dtí an chathair le chéile ann.”

Tá bóthar amháin ag teacht isteach Bóthar na hArd-Eaglaise. Tagann sin as Tulaigh Sháráin. Tagann bóthar eile ón Mhaigh, ón Ghráinseach agus ó Loch gCál. Tagann an tríú ceann as ceantair Choillidh Léith agus an Chionn Aird.

“Tá [an suíomh] lonnaithe go díreach idir an dá Ard-Eaglais,” arsa Seán. Tarraingíonn siad seo cuid mhór turasóirí isteach sa chathair. Leis, tá an suíomh cóngarach do Choláistí Phádraig agus Chaitríona. Tá, cheana, baint ag Cairde Teo le daltaí sa dá scoil.

Mar sin, tá tábhacht leis an suíomh a fuair siad. “Tá muidne muiníneach gur rud feiceálach a bheidh sa chultúrlann, a chuirfidh go mór le muinín an phobail anseo, agus go mbeidh sé breá lárnach san áit a mbeidh sé, sa Shambles,” ar seisean.

Tá dul chun cinn maith á dhéanamh. “Cheap muid an conraitheoir roimh an Nollaig,” arsa Seán. “Bhí an obair le tosú go luath ina dhiaidh. Bhí cúpla constaic ann – cúrsaí aimsire fosta, rinne siad cuid mhór cur isteach air. Tá an áit leagtha anois, agus seo deireadh mhí Aibreáin. Beidh siad ag cur tús leis dúshraith go luath.”

Is é an aidhm atá rompu ná go mbeidh an chultúrlann ar oscailt i mí an Mhárta nó i mí Aibreáin na bliana seo chugainn. Ba bhreá leo bheith oscailte do Sheachtain na Gaeilge, ach ní tharlóidh sin.

“Caithfimid bheith réalaíoch,” arsa Seán. “Bliain a ghlacfaidh sé.”

Beidh go leor áiseanna sa chultúrlann nua. “An aidhm a bhí againne ná ‘baile’ a thabhairt d’fhorbairt na Gaeilge in Ard Mhacha,” arsa Seán. “Tá go leor ar siúl in áiteanna difriúla faoi láthair, ach níl baile buan ann, áit ar féidir le pobal na Gaeilge a rá gur leo an áit. Beidh spás do theacht le céile; spás sóisialta a bheas ann. Beidh caife beag ann agus siopa beag. Tá siopa ann cheana féin [ag Cairde Teo] ach beidh sin ag bogadh isteach ann agus ag forbairt go maith. Beidh caifé beag ann mar a dtig le daoine bualadh isteach, go mbeidh atmaisféar Gaeilge ann agus go mbeadh siad compordach ag úsáid na Gaeilge.

“Tá rudaí ar siúl in Ard Mhacha faoi láthair, ciorcal comhrá agus mar sin in áiteanna difriúla. Táimid ag iarraidh spás mar a mbeidh daoine ar a suaimhneas ag labhairt Gaeilge, gan bheith ag amharc thart lena fheiceáil cé a bhí ag amharc orthu. Beidh amharclann bheag ann, chan amharclann amháin ach spás ilfheidhmeanna inar féidir rudaí eile a lonnú ann, gur féidir linn daoine eile a mhealladh, ceoltóirí a mhealladh, grúpaí a mhealladh, drámaí a mhealladh.”

Bheadh, mar shampla, compántais drámaíochta agus grúpaí a bheadh ag déanamh camchuairte ar an tír ábalta úsáid a bhaint as.

“Na háiseanna atá anois ann, níl siad fóirsteanach d’earnáil na Gaeilge,” ar seisean. Leis, ní go réidh a ghlacann go leor acu leis an phobal chéanna. Leis an chultúrlann, ní bheidh an fhadhb sin ann. “Tig linn spás a chur ar fáil, b’fhéidir le rudaí eile a chur sa tsiúl, rudaí eile a fhorbairt, seans a thabhairt do ghrúpaí áitiúla ceoil, d’amhránaithe áitiúla, spás don óige – tá cumann óige againne atá lonnaithe in áit cóngarach go maith don áit ina mbeidh an chultúrlann,” arsa Seán.

“Ach níl [an áit sin] foirfe ó thaobh na Gaeilge de, ó thaobh atmaisféar Gaelach de a chruthú ann.” Mar sin, tá súil acu an club a aistriú isteach sa Chultúrlann.

“Beidh oifigí ann do ghrúpaí Gaeilge atá ag feidhmiú thart ar an chathair anseo,” ar sé.

“Tá siad scoite óna chéile. Bímid ag comhoibriú.” Beidh siad in aon fhoirgneamh den chéad uair. Beidh meitheal istigh san áit, achan ghrúpa ag tacú lena chéile,” arsa Seán.

“Cruthaíonn sé cineál brí bhreise; cruthaíonn sé fuinneamh le go dtig leat bheith ag obair as lámh a chéile ar chlár ama a chéile. I bhfírinne, táimid ag iarraidh dul i bhfeidhm a oiread agus is féidir ar phobal na Gaeilge trí na háiseanna atá ar fáil, trí na himeachtaí atá ar fáil ó achan eagraíocht a chomhordú.”

Tá súil aige iad a bheith le chéile ar aon urlár amháin. “Ansin, ar an dara hurlár, beidh ionad cúram lae. Sin bearna atá ag daoine anseo in earnáil na Gaelscolaíochta,” ar seisean.

“Níl rud ar bith ann faoi aois naíscolaíochta. Osclaíodh an tríú naíscoil sa chathair anseo i mí Mheán Fómhair 2017. Tá bunscoil ann faoi láthair agus tá meánscoil ann. Beidh Gaelscoil nua á hoscailt i mí Mheán Fómhair 2019. Tá an Gaeloideachas sa chathair ag dul ó neart go neart. Ach tá bearna ann do dhaoine faoi aois naíscoile. Tá coiste curtha le chéile le díreach cúpla mí le hobair ar an ghné sin.” Tá an coiste sin ag obair ar phlean gnó, agus súil acu comhlacht a chlárú.

Is léir go gcuireann an dul chun cinn seo áthas ar Sheán. Tá sé ag obair le Cairde Teo le sé bliana anois. Más as ceantar na Lorgan dó, is fada ceangal aige le cathair Ard Mhacha, nó b’ann a chuaigh sé ar scoil. Cinnte, chuaigh seisean agus a chomhghleacaithe ó Cairde Teo i bhfeidhm go mór ar an chathair cheana. Beidh a lorg níos feiceálaí i gceann bliana.

SCAIP
SiarMáguaird: Ná druidimis na súile
Ar aghaidhAr an lá seo: In aghaidh na taoide
Anton Mac Cába
Is iriseoir as an Ómaigh é Anton Mac Cába. Tá sé ag scríobh ar An tUltach le dosaen éigin bliain agus foilsíodh a leabhar 'The House that Disappeared on Tory Island' in 2012. Nuair nach mbíonn sé ag fiosrú scéalta, bíonn sé gafa le cúrsaí ceardchumainn agus is breá leis bheith ag léamh agus ag cócaráil.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm