Tá Niall Murphy ar dhuine de na dlíodóirí is aitheanta sa Tuaisceart ó thaobh cásanna cearta daonna de. Bhí sé ag croílár an scannáin No Stone Unturned faoin ár i Loch an Oileáin, mar ar mharaigh an UVF seisear Caitliceach i dtábhairne beag tuaithe.

Ba é Niall an chéad dlíodóir a d’fhostaigh an comhlacht aitheanta Kevin Winters (KRW Law mar atá air anois). Ní aithníonn cuid mhór de phobal na Gaeilge, áfach, gur Gaeilgeoir é.

Agus mé ag bualadh leis in oifig KRW Law, ba léir gur áit ghnóthach í. Is oifig phlean oscailte í. Bhí scaifte dlíodóirí ann, iad ina suí ag a gcuid ríomhairí, an áit ciúin, ach amháin siosarnach sa chúlra agus cúpla dlíodóir ar an fhón le cliaint. Bhí Niall chomh gnóthach le hachan duine eile. Bhí cruinniú aige le bheith aige taobh istigh d’uair an chloig faoi chás Loch an Oileáin, cáipéisí a bhain leis an chás ar an deasc os a chomhair agus muid ag labhairt. Ba Ghaeilge, ar ndóigh, a labhair sé.

Más dlíodóir aitheanta é, ní raibh mórán suime aige sa dlí mar shlí bheatha agus é ag fágáil na scoile. “Bhí mé ag smaoineamh i dtús báire ar chúrsa sa Ghaeilge agus sna meáin chumarsáide a dhéanamh (i gCúil Raithin),” ar sé. Tháinig cuid den spreagadh ó chol ceathrair leis, an Gaeilgeoir aitheanta, Antaine Ó Donnaile. Ansin, tháinig a chuid torthaí Ardleibhéil, agus bhí siad níos fearr ná mar a shíl sé a bheadh siad.

“Shocraigh mé ar chúrsa dlí a dhéanamh in Ollscoil na Banríona. Ní raibh mé cinnte, ach nuair a thosaigh mé amach, d’athraigh sin. Fuair mé post in oifig dlíodóirí Madden and Finucane. Fiú ag deireadh an chéad lae, bhí a fhios agam gur seo an sórt cúrsa a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh le mo shaol.”

Is le cúrsaí cearta daonna a luaitear Niall. Bíonn sé ag plé le daoine a d’fhulaing tragóidí ina saol de dheasca an stát a bheith “i gclaonpháirteachas le dílseoirí”. Dúirt sé go bhfuil “cásanna ag teacht amach ar chlaonpháirteachas idir an stát agus poblachtánaigh fosta”.

Is léir go gcuireann cuid de na scéalta a chluineann sé as dó. “Nuair a chaitheann tú am le teaghlaigh, le tuismitheoirí, páistí a raibh cailliúint mhór acu, cuireann sé isteach ort.”

Ina leithéid de chásanna, bíonn súil aige go dtig leis an dlí fuascailt agus faoiseamh a thabhairt. “Bíonn cúrsaí difriúla ag daoine éagsúla sa rud atá siad a lorg,” arsa Niall. “An rud is tábhachtaí ag an mhórchuid acu an fhírinne a fháil. Bíonn seans ann leis an fhírinne a fháil ón Police Ombudsman, fiosrúchán iarbháis nó an HET [Historical Enquiries Team].”

Bíonn Niall ag obair leis na teaghlaigh le teacht chomh cóngarach don fhírinne agus a thig leis. “Cuireann sé isteach orm bheith ag obair ar chásanna mar sin,” ar sé. “Ach déanann tú do dhícheall fosta.”

D’oibrigh sé ar go leor cásanna truacánta. Dar leis, ba é ár Loch an Oileáin ba thruacánta díobh uilig. “Tá mé ag obair air anois. Tá litir ar an tábla,” ar sé. “Agus an turas a bhí ag na teaghlaigh sin, thosaigh mé amach leo i mí Eanáir 2005, agus ón am sin bhí a lán cor bealaí ar an bhóthar leis an fhírinne a shroichint.

“Bhí muid ag fanacht ar thuarascáil ón Police Ombudsman chomh luath le 2007, ansin 2008.”

Rinne an tOmbudsman ag an am, Al Hutchinson, tuarascáil chonspóideach inar dhúirt sé nach raibh go leor fianaise ann go raibh claonpháirteachas ann idir an UVF agus na fórsaí slándála. Thóg Niall athbhreithniú breithiúnach in éadan na tuarascála thar ceann na dteaghlach.

“Dúirt muid ag an am go raibh sé ag déanamh factual gymnastics,” ar sé. “Bhain muid an cás sin, agus tugadh bata agus bóthar do Al as an phost. Tháinig an Dr Mag Uidhir, Michael Maguire, isteach sa phost, agus thosaigh seisean ón tús. D’fhoilsigh seisean tuarascáil i mí an Mheithimh 2016.”

Leis, rinneadh scannán, No Stone Unturned, faoi thuras na dteaghlach. “Ón am sin, bhí athbhreithniú eile ag na hiarphóilíní iad féin, agus tá sin os comhair na gcúirteanna faoi láthair,” ar Niall.

“Rinne siadsan scrios ar thuarascáil Mhig Uidhir ar na mallaibh ansin, agus bhí conspóid ann.” Tharla gur iar-abhcóide ag duine de na hiarphóilíní é an breitheamh. Sheas seisean siar ón gcás.

“Agus táimid ar ais chuig céim a haon,” arsa Niall. “Sin trí bliana déag, agus táimid ag obair air ar fad.”

Tá impleachtaí ag cás sin na n-iarphóilíní. Ní thig leis an Ombudsman tuilleadh tuarascálacha a fhoilsiú go dtí go mbeidh cúrsaí soiléir. “Tá gach duine ina lánstad,” arsa Niall. “Níl sin maith do dhuine ar bith. Níl sé cothrom. Tá sé scannalach, an fad atá daoine ag fanacht.”

Tá daoine ag fanacht leis an Ombudsman, daoine eile leis an Aonad Fiosraithe Cásanna sa Stair (Historical Investigation Unit).

Maidir le teaghlaigh Loch an Oileáin, ní hamháin gur cliaint ag Niall iad, tá siad chomh fada sin ar an turas le chéile gur cairde iad chomh maith. “Is pribhléid agamsa, daoine mar sin, a gcás a ghlacadh,” ar seisean. “Leis an phribhléid sin, cuireann sé freagracht mhór ort do dhícheall a dhéanamh ar son na ndaoine.”

Más é ár Loch an Oileáin an cás is truacánta aige, is é an cás céanna ba mhó a thug sásamh dó. “Nuair a thosaigh muid amach, ní raibh a fhios ag duine ar bith faic fá dtaobh den fhírinne ná na sonraí, agus cé go bhfuil gearán agus conspóid ann faoi láthair, tá a fhios againne an fhírinne anois,” ar sé.

“Léiríonn an scannán go han-mhaith na sonraí ar an scáileán mór. Tá sé uilig an-soiléir cad é a tharla agus go raibh an polasaí claonpháirteachais i lár an ruda. Is cuma cé chomh crua agus a bhí an bóthar thar na blianta, tá an leathanach ón Irish News ansin,” agus thaispeáin sé an leathanach frámaithe ar an bhalla ar a bhfuil an cheannlíne ‘The Truth At Last’.

Taobh leis an dlí, tá Niall gnóthach leis an Ghaeilge. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Gaelscoil Éanna ina áit dhúchais, Gleann Ghormlaithe. “Is rud ollmhór mo nasc le Gaelscoil Éanna,” ar sé. “Bhí ceathrar againn ann, ar ais in 2003 nó 2004, agus bhí muid ag amharc thart fán chathair agus na gaelscoileanna á mbunú anseo is ansiúd, agus bhí muid den bharúil go raibh daoine inár gceantar féin ar mhaith leo an gaeloideachas a bheith ar fáil dá gcuid páistí.

“Bhí muid uilig inár mbaill de Chumann Lúthchleas Gael sa cheantar, Naomh Éanna CLG, agus bhí muid uilig ag imirt go fóill, peil agus iománaíocht. Bhí triúr againn nach raibh páistí againn, ach bhí muid i lár ár bhfichidí agus bhí muid ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar son an phobail, agus bhunaigh muid Naíscoil Éanna in 2005. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhunaigh muid Gaelscoil Éanna le deichniúr páistí, agus anois tá níos mó ná dhá chéad páiste sa scoil.”

SCAIP
SiarMaguaird: Lone Ridge
Ar aghaidhAn deamhan beag fola (Cuid III)
Anton Mac Cába
Is iriseoir as an Ómaigh é Anton Mac Cába. Tá sé ag scríobh ar An tUltach le dosaen éigin bliain agus foilsíodh a leabhar 'The House that Disappeared on Tory Island' in 2012. Nuair nach mbíonn sé ag fiosrú scéalta, bíonn sé gafa le cúrsaí ceardchumainn agus is breá leis bheith ag léamh agus ag cócaráil.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm