Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta Daonna inniu (20 Márta, 2018) nach “céasadh” a rinne Arm na Breataine ar ‘na fir chochaill’ a imtheorannaíodh i 1971. Labhair Paddy Joe McClean, duine de na fir sin, le hAntón Mac Cába agus bhí an t-agallamh i gcló ar An tUltach i mí Iúil 2011. 

Ionsaí ar an tSibhialtacht

Tá dhá scór bliain ann ó tugadh isteach an t-imtheorannú den uair dheireanach sa tuaisceart. Bhí Paddy Joe McClean ó Bhearach i dTír Eoghain orthu siúd a gabhadh ar 9 Lúnasa 1971. Bhí cáil ar chás Paddy Joe, nó bhí sé ar dhuine de na fir chochaill, the hooded men. Seo príosúnaigh a scaradh amach ón chuid eile, ar cuireadh cochaill orthu agus a céasadh. Thug rialtas na hÉireann a gcás chun na Cúirte Eorpaí um Chearta Daonna.

Ba é an dara huair é ag Paddy Joe a bheith curtha faoi ghlas gan triail. Chaith sé ceithre bliana ina imtheorannaí sna 1950idí.

Bhuail mé le Paddy Joe san árasán ina bhfuil cónaí air lena bhean ar chúl sheanbheairic an RIC i mBearach – an seanteach aige féin. In ainneoin na n-uafás a bhain dó, bíonn sé breá ciúin agus é ag cur síos air. Dar leis, is “comhrá seachtaine” atá sa rud ar fad a tharla dó. “Tháinig an t-arm – agus ba é an t-arm a bhí ann – agus ghabh siad mé ar a sé ar maidin,” ar sé.

Tugadh i dtús é go hAird Mhic Giollagáin i gContae Dhoire. “Bhí mé i dteannta iardhaltaí de mo chuid, daltaí a theagasc mé ar an bhunscoil, agus bhí siad den bharúil go mbeadh a fhios ag an Mháistir cad é a bhí ar siúl, ach ní raibh a fhios sin ag an Mháistir,” ar seisean. Dhá lá ina dhiaidh sin bhí sé ar dhuine de cheathrar a tógadh ar leataobh. Tugadh an mhuintir eile sa champa chun siúil.

Bhí Paddy Joe den bharúil go raibh seisean agus a thriúr comrádaithe ag dul abhaile. “Ansin cuireadh cochaill orainn. Cuireadh isteach i héileacaptar sinn. Níor dhúirt duine ar bith cá raibh ár dtriall,” ar seisean.

“Ní raibh a fhios agam cá raibh ár dtriall, agus go dtí an lá atá inniu ann níl a fhios agam cár tógadh sinn. Ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag duine ar bith, ach na daoine a rinne an turgnamh. Ó bheith ag blaiseadh bholadh an tsáile san aer, tá mé den bharúil gur tugadh go hAlbain mé. Níor thréig mé an smaoineamh sin ó shin, cé go ndeir daoine nárbh amhlaidh a bhí. Shíl mise gur muidne an t-aon cheathrar a tógadh ansin,” ar seisean.

“Scaradh óna chéile sinn, agus ní fhaca mé duine ar bith go ceann ocht lá, ach amháin na daoine a bhí do mo chéasadh, agus idir eatarthu, daoine deasa dea-labhartha a bhí ag comhrá.”

Cuireadh isteach i héileacaptar arís é, gur tugadh é go páirceanna ag Coláiste Naomh Maolmhaodhóg i mBéal Feirste. Tugadh é trí pholl i sconsa go Príosún Bhóthar Chromghlinne. “Agus ansin chonaic mé maor a raibh aithne agam air, ón taithí a bhí agam roimhe ar an áit,” ar seisean.

“Bhí a fhios aige cé mé, ach ní raibh a fhios aige an rud a tharla, nó chaill mé thart ar cheithre cloiche meáchain. Ní raibh mé ábalta mo shúile a oscailt, nó bhí siad dubh. Cibé ar bith, rug sé greim láimhe orm, agus dúirt: ‘An bhfuil rud ar bith a dtig liom a dhéanamh duit’. Dúirt mise: ‘Tá. Faigh peann agus píosa páipéir dom, le do thoil. Ba mhaith liom an rud a tharla a scríobh síos, agus tusa é a thabhairt amach.’ ‘Déanfaidh mé sin,’ ar seisean. ‘Ach tá a fhios agam nach mbeidh tú ábalta rud ar bith a scríobh, nó níl tú ábalta rud ar bith a fheiceáil.’

“Thug sé an peann agus an páipéar dom, agus scríobh mise amach 21 líne den rud a tharla. Agus dúirt mé: ‘Anois, tóg tusa sin chuig an Chairdinéal Conway.’ Eisean an t-aon duine a bhí ar aithne agam a bheadh i dteideal dul chuig Ted Heath (Príomh-Aire na Breataine). Ní raibh mé den bharúil go ndéanfadh sé é, ach rinne.”

D’iarr Paddy Joe an rud céanna ar an séiplíneach Caitliceach. A mhalairt de scéal a bhí ansin. “Is oifigeach de chuid an phríosúin seo mé,” arsa an séiplíneach. “Ní thig liom a leithéid a dhéanamh.” Tharla gur Protastúnach a bhí sa bhardach. “Caithfidh tú amharc faoin dromchla lena fheiceáil cé atá ina Chríostaí ceart,” arsa Paddy Joe.

Chuaigh an Cairdinéal chuig Heath. Chomh maith leis sin, tháinig an scéal faoin chéasadh amach sna meáin. Thóg sé tamall de bhlianta sula ndeachaigh an cás go dtí an Chúirt Eorpach um Chearta Daonna, go bhfuair Paddy Joe cúiteamh. “Ní raibh siad ábalta a rá cad chuige ar gabhadh mé, cad é a rinne mé, cad chuige a raibh siad in amhras fúm,” arsa Paddy Joe.

Agus é á chéasadh, rinne sé botún. “Ag an tús, ní raibh mé ábalta a thuiscint cad chuige a raibh siad a dhéanamh seo,” ar seisean.

“Agus ansin mhothaigh mé fuaimeanna arís agus arís eile, agus an trealamh a bhí curtha suas acu, agus rinne mise botún a rá: ‘Tá a fhios agam an rud atá sibh a dhéanamh. Is céasadh é seo.’”

Dar leis, shocraigh an tArm “go raibh an fear seo ag iarraidh an córas a bhriseadh; caithfimid eisean a bhriseadh. Ag an phointe sin, shíl mise go raibh an bás i ndán dom, agus nach dtabharfainn comhoibriú ar bith dóibh. Nuair a dúirt siad ‘suigh síos’, sheas mise suas; nuair a dúirt siad ‘seas suas’, shuigh mise síos.” Bhuailtí dá dheasca é. Leis, chuirtí glais láimhe air, agus chrochtaí de thairne ar an bhalla é.

Tá díomá air go bhfuiltear ag leanúint leis an chéasadh. “Is é Bá Guantanamo an sampla is fearr de sin,” ar seisean.

Dar leis, níor éirigh leis an imtheorannú. Níor ciontaíodh duine ar bith agus ní bhfuarthas airm. “An rud ar éirigh leo a dhéanamh ná pobal iomlán a ghríosadh in éadan fhórsaí na sibhialtachta. Chuir sé leis an 30 bliain den rud a ndeachaigh muid tríd,” ar seisean.

Chaith Paddy Joe bliain eile ina imtheorannaí, idir príosún Bhóthar Chromghlinne agus an Cheis Fhada. Ní raibh athrú ar Bhóthar Chromghlinne ó scaoileadh saor 10 mbliana roimhe sin é. “Bhí mé ag caint le seanfhear amháin, Willie Mulholland, agus bhí seisean ina imtheorannaí i 1920, agus dúirt sé liom nach raibh puinn athraithe ar an áit ó shin,” ar seisean.

“Ansin, tugadh suas go dtí an Cheis Fhada sinn. Le linn an chogaidh, bhíodh an Cheis Fhada ina champa d’imtheorannaithe. Bhí Iodálaigh ann, bhí cuid de mhuintir an IRA ann.”

Sa Cheis, bhíodh scór imtheorannaí sna botháin bheaga, dhá scór sna botháin mhóra. Bhí caighean thart ar na compúin, na coinníollacha “bunúsach”, na cimí i leapacha buinc. “Ó bheith imtheorannaithe roimhe, bhí a fhios againn gurb é an rud ba thábhachtaí a dhéanamh ná eagar a chur orainn féin,” ar seisean.

“B’shin le go mbeadh fir gnóthach gach nóiméad den lá, nó ag foghlaim, nó ag coinneáil na háite glan, nó ag coinneáil na leithreas ina gceart, nó ag cócaireacht.”

Chothaigh na cimí sinsearacha an tsláinte agus glaineacht phearsanta, agus spreag siad an mhuintir óga “an intinn a choinneáil ag obair – agus rinne muid sin. “Chuir muid amach múinteoirí, chuir muid amach dlíodóirí. Ba é an Cheis Fhada a rinne duine de na habhcóidí atá anois ann.”

Bhíodh Paddy Joe ina cheardchumannaí leis an National Association of Schoolmasters. Mar sin, ní raibh na maoir mar naimhde. “D’amharc muid ar na maoir mar dhaoine den lucht oibre, cosúil linn féin, ach ag déanamh jab difriúil,” ar seisean. “D’oibrigh muid in éineacht leo.” Ar ndóigh, a mhalairt de scéal a bhí ann leis an ghobharnóir. Bhíodh frithbheartaíocht shíochánta, cur ina choinne, ann ó am go chéile.

Chaith Paddy Joe an geimhreadh sa champa. “Phiocadh an t-arm an lá ba mheasa sneachta le tú a chur amach costarnocht le cuardach a dhéanamh sna botháin,” ar seisean. Bhíodh na cimí ina seasamh ag an sconsa, madraí alsáiseacha ag dul suas síos. Nuair a théadh siad isteach arís, d’fhaigheadh siad amach go raibh na saighdiúirí i ndiaidh a bheith ag satailt ar a gcuid éadaí agus eile. Ó thaobh bia príosúin de, bhí buntáiste ag Paddy Joe. Bhí taithí aige ar a leithéid nó d’fhreastail sé ar scoil chónaithe sna 1950idí.

Agus iad faoi ghlas, bhí feachtasaíocht ar siúl ag na cimí. Bhíodh cead ag gach aon chime dhá litir sa tseachtain a scríobh. Shocraigh siad go scríobhfadh siad litir amháin chuig a muintir agus an ceann eile chuig feisire nó chuig duine den chléir, nó chuig daoine a raibh tionchar acu ar chúrsaí. Bhí cuid de chomhchimí Paddy Joe óg agus fiáin. Rinne cimí sinsearacha a ndícheall oiliúint pholaitiúil a chur orthu. Bhí neart den dream óg, faraor, beag beann air sin.

Ligeadh Paddy Joe saor i 1972. In ainneoin ar bhain dó, ní dheachaigh sé leis an fhoréigean. Chuaigh sé le Páirtí na nOibrithe, ansin leis an Daonlathas Clé sular thit sé sin as a chéile. “Bhí an t-ádh liom,” arsa Paddy Joe. “Ba Phreispitéireach é mo sheanathair, agus rinne mé staidéar ar stair an Phreispitéireachais, ar ról na bPreispitéireach siar go dtí na 1790idí agus mar sin. An dara rud ná go ndearna mé staidéar ar na 1920idí agus mar sin, agus gur shocraigh mé gur tháinig an náisiúnachas chomh fada agus arbh fhéidir leis. An tríú rud, bhí mé gafa le Gluaiseacht na gCeart Sibhialta, ag tabhairt seanmóirí ar an neamhfhoréigean agus ar an pholaitíocht mar dhóigh le teacht ar réiteach. Mar sin, ní fhaca mé mórán céille lena bheith ag tabhairt ar dhuine teacht ar athrú intinne trína scaoileadh sa chloigeann.”

SCAIP
SiarAr an lá seo: An Duine Corr
Ar aghaidhMurdair Mhám Trasna: pardún iarbháis do Mhaolra Seoighe
Anton Mac Cába
Is iriseoir as an Ómaigh é Anton Mac Cába. Tá sé ag scríobh ar An tUltach le dosaen éigin bliain agus foilsíodh a leabhar 'The House that Disappeared on Tory Island' in 2012. Nuair nach mbíonn sé ag fiosrú scéalta, bíonn sé gafa le cúrsaí ceardchumainn agus is breá leis bheith ag léamh agus ag cócaráil.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm